BEO Bliain na Gaeilge

This event has ended

Parnell Square, Saturday 14th April

Beidh BEO – Gaelach agus Bródúil ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an Satharn 14 Aibreán. Buailfidh Gaeil na tíre le chéile leis an teanga a cheiliúradh agus ár mbród aisti a léiriú.

Imeacht stairiúil a bheidh ann. Aithnímid go bhfuil céimeanna chun tosaigh agus dul chun cinn déanta ó thaobh na Gaeilge de, ach é sin ráite tá spás agus am fós le tógáil ar na forbairtí seo.

Táthar ag súil go mbeidh os cionn 4000 duine ar shráideanna Bhaile Átha Cliath don lá. Tabharfaidh sé deis do mhuintir an oileáin bualadh in aon áit amháin lenár dteanga dhúchais a cheiliúradh, chomh maith le beocht, pobal, oidhreacht, cultúr agus todhchaí na Gaeilge a aithint. Taipeofar an deis freisin aird a tharraingt ar dheacrachtaí agus dushláin atá fós roimh an nGaeilge agus na Gaeltachtaí sa lá atá inniu ann.

Siúlfadh an slua ó thuaisceart na cathrach chuig an deisceart, áit a mbeidh ardán óna mbeidh ceol, óráidí agus siamsaíocht. Bí ag súil le neart craic, ceol agus Gaeilge.

Beidh idir scoileanna, grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, clubanna spóirt ar nós na clubanna Cumann Luthchleas Gael, clubanna spóirt eile, clubanna óige, eagraíochtaí, comhlachtaí, cumainn tríú leibhéal, grúpaí pobail, teaghlaigh, daoine aonair agus eile i láthair ar an lá. Tá fáilte roimh chách freastal ar an imeacht. Beidh busanna agus roinnt socruithe taistil eile ann do dhaoine a bheidh ag teacht ó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.

Is féidir grúpa, beag nó mór, a chlárú don imeacht anseo. Seolfar pacáiste speisialta amach go haon ghrúpa a chláraíonn linn, ina bhfuil bratach bán a n-iarrfar oraibh a dhearadh le tabhairt libh ar an lá agus sibh ag siúl.


Date:
Saturday 14th April
Time:
12.00pm
Address:
Parnell Square North, Dublin 1, Ireland

Google Map of Parnell Square North, Dublin 1, Ireland