
This event has ended
Parnell Square, Sunday 1st May
Ar an Domhnach, 1 Bealtaine 2022, beidh Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1, ar bís le himeachtaí agus taispeántais éagsúla ar fáil do chách i gcomhair Lá Mór na Gaeilge.
Beidh Lá Mór na Gaeilge ag ceiliúradh éagsúlacht na gcainteoirí Gaeilge san ardchathair. Cuirfear an réimse shaibhir d'obair chruthaitheach atá á déanamh trí Ghaeilge os comhair an phobail. Cuirfear spás ar fáil do dhaoine ag gach leibhéal líofachta.
Beidh an lá seo mar sheoladh den chéad bhliain de Lá Mór na Gaeilge le clár lán d'imeachtaí ó 12-4i.n, le gach cineál imeachta ó; taispeántais ceoil, seónna sráide, múrphictiúir á bpéinteáil beo, aoichainteoirí, Comórtas idir Gaelcholáistí ar an mór stáitse agus go leor eile!
Bain sult as tráthnóna de thaispeántais ó The Bonny Men, Scannal, Grooveline, seó tallainne ó Bhunscoileanna, Comórtas idir Gaelcholáistí agus Céilí Ollmhór ar an Stáitse Mór nó téigh chuig an bPuball Cainte le cloisteáil ó chainteoirí ar nós Bhláthnaid Ní Chofaigh, Bernard Dunne, Ola Majekodunmi, Seán Ó Dubhchon, Lisa Nic an Bhreithimh, na GaelGals agus roinnt eile.
Buail isteach go ceann dár gceardlanna ar nós: an bodhrán, nó foghlaim faoin gconsairtín, damhsa & canadh ar an sean-nós nó péinteáil múrmhaisithe leis an ealaíontóir sráide Niall O’Lochlainn nó foghlaim conas blagáil nó TikTokanna as Gaeilge a chruthú le foireann BLOC TG4. Buail isteach go dtí an ar bhailiúchán Ghailearaí Hugh Lane ag 1:30i.n. i gcóir turas trí Ghaeilge nó bain taitneamh as biachlár atá faoi anáil na hÉireann ag bialann an bhailiúchán, Luncheonette. Bí ag spraoi ar na cluichí ollmhóra a bheidh ar fáil ar nós Twister, Jenga, Limbo is go leor eile.
Breathnaigh ar na stainníní margaidh de thrádálaithe Gaeilge inar féidir leat tacú le fiontar trí Ghaeilge nó éadach dara lámh a cheannach as Aonach Amárach. Ansin, glac sos le cupán tae agus greimín le hithe a hordú ón margadh bia lán-Ghaelach.
Má bhfuil tú iomlán líofa nó díreach le cúpla focal, beidh an lá seo ar fheabhas don teaghlach ar fad! Bígí linn don Ceol, Cultúr, Caint & Craic! Fáilte roimh chách – gach leibhéal líofachta!
On Sunday, 1 May 2022, Lá Mór na Gaeilge will see Parnell Square North, Dublin 1 abuzz with a variety of events and performances for all to enjoy.
Celebrating the diversity of Irish language speakers in the capital today, Lá Mór na Gaeilge will showcase the rich array of creative work being made through the language, and provide a space for all fluency levels to engage.
In its inaugural year, the flagship programme will run from 12-4pm. With everything from musical performances, street spectacle, live mural painting, guest speakers, and much more!
Enjoy an afternoon of performances from The Bonny Men, Scannal and Grooveline, as well as a talent show from Gaelscoileanna, Battle of the Bands between Gaelcholáistí and a giant Céilí on the Main Stage or swing by the Puball Cainte to hear from speakers such as Bláthnaid Ní Chofaigh, Bernard Dunne, Ola Majekodunmi, Seán Ó Dubhchon, Lisa Nic an Bhreithimh the GaelGals and more.
Drop into one of our workshops and learn the basics of the bodhrán, the concertina or sean-nós dancing and singing. Try your hand at mural painting with street artist Niall O’Lochlainn or learn how to blog or create TikToks as Gaeilge with the BLOC TG4 team. Call into Dublin City Gallery The Hugh Lane at 1:30pm for an Irish language tour of the collection or enjoy a specially curated Irish-inspired menu at the gallery cafe, Luncheonette. Have fun playing on our giant games such as Twister, Jenga, Limbo and many more.
Explore our market stalls of Irish language traders where you can support small businesses through Irish or purchase second hand clothing from Aonach Amárach. Then, take a break and order yourself a cupán tae and a bite to eat from our Irish speaking food vendors.
Whether you’re fluent or have a cúpla focail, this will be a fantastic day out for all the family! Come along for the Ceol, Cultúr, Caint & Craic! Fáilte roimh chách – all levels of Irish welcome!
- Date:
- Sunday 1st May
- Time:
- 12.00pm
- Price:
- Free
- Address:
- Parnell Square North, Rotunda, Dublin, Ireland